An teach inár tógadh í, teach maith a bhí ann le urlár clár, bhí urlár créafóige in áiteanna inár raibh sí ar fostú, bhí bóitheach tógtha amuigh fá choinne leithris, ní raibh an t-airgead ann san am, ní raibh dole ar bith le fáil ach oiread. Bhí a gcuid talaimh féin acu agus bhí siad ábalta a bheith beo ar sin, coirce, préataí, cál agus tornapaí. Bhí muca agus cearca acu fosta. An bia a bhí acu. Bhí a gcuid ime féin agus aráin acu fosta. Bhíodh scadáin acu fosta, ní raibh mórán feola ar fáil.. I siopa Francie Molloy a bhíodh siad ag ceannach a gcuid earraí. An dóigh a mhair siad ar an phinsean a bhí a hathair mór ag fáil fosta. Cur síos maith ar seo uilig, an min bhuí a bhí acu agus an dóigh a dhéantaí an t-arán. Bhí muileann i nDún Fionnachaidh a úsáid acu le min choirce a dhéanamh. Dhéantaí a gcuid éadaigh féin fosta.
An dóigh ar shaothraigh siad an 6d a bhí de dhith le fáil isteach ag an damhsa, ag seachadadh teachtaireachtaí as Albain chuig a muintir sa bhaile. | 00:08:52 | |